Videos can only be embedded if 'Functionality' cookies are enabled.  Manage Cookies

 

Pointí Iontrála (2022)
440

Forléargas ar an gCúrsa

Céim bheoga sna meáin agus sa Ghaeilge is ea an BA (Cumarsáid & Gaeilge), a bhíonn á teagasc go hiomlán trí mheán na Gaeilge ar champas na Gaillimhe, agus a mhaireann ar feadh ceithre bliana. Tá meascán tomhaiste inti den staidéar acadúil agus den oiliúint phraiticiúil san iriseoireacht, sa léiriú teilifíse agus raidió, sa chraoltóireacht agus sna hilmheáin, chomh maith le staidéar ar theanga agus ar litríocht na Gaeilge. Céim chruthaitheach dhá ábhar onóracha atá inti, agus tá sí á tairiscint ag an Acadamh i gcomhpháirt le Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe. Treisíonn an cur chuige seo gnéithe d’oidhreacht liteartha, chultúrtha agus teanga na Gaeilge, agus tugann sé deis duit cáilíocht mhúinteoireachta sa Ghaeilge a bhaint amach ina dhiaidh.

Sa tríú bliain beidh deis agat taithí oibre a fháil in earnáil na meán, nó tionscadal ‘foghlaim sa phobal’ a chur i gcrích. Gheobhaidh tú cúnamh agus tacaíocht aonair agus taithí fhíorluachmhar sna meáin mar intéirneach le TG4, RTÉ, Raidió na Gaeltachta nó san earnáil neamhspleách raidió agus teilifíse.
Beidh deis agat cur le do chumas sa Ghaeilge agus tuiscint níos doimhne a fháil ar shaíocht na Gaeltachta agus tú ar Sheimeastar Gaeltachta ar an gCeathrú Rua i gceartlár Ghaeltacht Chonamara.

An raibh a fhios agat?
Chomh maith leis an gcéim ainmnithe seo, is féidir staidéar a dhéanamh ar na meáin trí Ghaeilge mar chuid den chéim GY101 BA (Comhonóracha). Eolas ar fáil anseo: http://www.nuigalway.ie/acadamh/cursai/cursai_ceime/leann_cumarsaide/

Má roghnaíonn tú Léann na Cumarsáide mar ábhar ar GY101 BA (Comhonóracha), beidh deis agat athrú sa dara bliain go dtí an chéim ainmnithe, GY122 BA (Cumarsáid agus Gaeilge) ag brath ar do chuid torthaí sa Chéad Bhliain. An buntáiste a bhaineann leis seo ná go mbeidh deis ansin agat tairbhe a bhaint as an taithí oibre luachmhar sa tríú bliain den chéim ainmnithe GY122.

LEAGAN BÉARLA ANSEO/ENGLISH VERSION HERE

 
 
 
 
 
 


Cad a deir ár mic léinn

Carol

Carol Plunkett |   BA (Cumarsáid & Gaeilge)

Bhain mé an-taitneamh go deo as mo chuid ama ar an gcúrsa seo. Faigheann tú taithí luachmhar phraiticiúil ón gcéad lá ar aghaidh. Tá atmaisféar agus caidreamh iontach idir na mic léinn agus na léachtóirí. Mholfainn do dhuine ar bith tabhairt faoin gclár spéisiúil seo.