Dianchúrsaí Gaeilge (Gaoth Dobhair)
Dianchúrsa Gaeilge do Dhaoine Fásta 2027
Cúrsa Seachtaine
Táille Theagaisc: €350
Meánrang (B1/B2) & Ardrang (B2/C1):
- Cúrsa A: 14/06/2027 - 18/06/2027
Tá tacaíocht iomlán na rannpháirtithe riachtanach leis an tairbhe is fearr a bhaint as an gcúrsa. Is trí Ghaeilge a reáchtáiltear gach uile ghné den chúrsa idir theagasc, imeachtaí sóisialta, lóistín srl.
Le háit a chinntiú ar an gcúrsa, ní mór foirm iarratais a chomhlánú mar aon leis an táille theagaisc (neamh-in-aisíoctha*) a íoc:
- faoin 19/03/2027do Chúrsa A (14/06/2027 – 18/06/2027)
Is féidir leat glaoch ar an oifig (Luan go hAoine) le sonraí do chárta creidmheasa/dochair leis an íocaíocht a dhéanamh ar an bhfón ag 091 494660 idir 09.30 - 16.00.
* Tá sé de cheart ag Ollscoil na Gaillimhe aon chúrsa a chur ar ceal de bharr easpa éilimh. Aisíocfar na táillí sa chás sin.
Lóistín
Má tá lóistín uait cuirtear lóistín iomlán (bricfeasta, lón le tabhairt leat chuig an ionad, dinnéar 3 chúrsa) ar fáil i dtithe príobháideacha an cheantair, le teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge. Ó oíche Dhomhnaigh (an suipéar san áireamh) go dtí tráthnóna Aoine (an lón san áireamh). Tugtar an-deis do na rannpháirtithe an teanga a shaibhriú, a shealbhú agus a bhuanú, agus éiríonn le go leor daoine líofacht a bhaint amach ar an gcaoi seo.
Táille Lóistín:
- €250.00: Ag roinnt seomra (le rannpháirtí amháin eile)
- €450.00: Seomra Singil (Ní bheidh ach beagán seomra singil ar fáil agus déanfar freastal orthu súid a bhfuil riachtanais ar leith acu mshp: cúrsaí Sláinte ar dtús. Roinnfear an chuid eile de réir éileamh)
Beidh costas an lóistín le híoc le Bean an Tí.
Tá sé tábhachtach go dtuigfidh éinne atá ag smaoineadh ar freastal ar dhianchúrsa, gur tithe príobháideacha iad na tithe seo agus gur lóistín roinnte a bhíonn i gceist (ie leapacha bunks srl). Is beag seomraí singile a bheas ar fáil.
Tá na rannpháirtithe freagrach as a mbealach féin a dhéanamh go dtí Gaoth Dobhair/teach lóistín agus is iad atá freagrach as taisteal chuig agus ó na ranganna/imeachtaí gach lá le linn an chúrsa.
Le clárú
Is féidir cliceáil anseo le clárú: Dianchúrsa Gaeilge 2027/ Intensive Irish Course 2027 (Gaoth Dobhair)
Tuilleadh eolais:
T: +353 91 494660
R:gaothdobhair@ollscoilnagaillimhe.ie
Cá bhfuilimid lonnaithe?
Táimid lonnaithe ar an Screabán, ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, i gceartlár Ghaeltacht Dhún na nGall. Is ceantar láidir Gaeltachta é Gaoth Dobhair agus bíonn deis ag ár rannpháirtithe gach a bhfuil foghlamtha go foirmiúil acu sa rang a chleachtadh go nádúrtha i suíomh Gaeltachta.
Cé air a bhfuil ár gcúrsaí dírithe?
- Daoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach nár chleacht í le tamall fada agus foghlaimeoirí a bhfuil dianstaidéar déanta acu uirthi le roinnt blianta.
- Daoine atá ábalta comhrá a dhéanamh ach ar mian leo cur lena stór focal agus lena gcruinneas sa teanga.
- Daoine a bhfuil líofacht mhaith acu sa Ghaeilge ach ar mian leo saibhriú a dhéanamh ar an teanga labhartha agus leibhéal cruinnis níos airde a bhaint amach.
- Daoine atá ag leibhéal B1, B2 nó C1 ar an gComhchreat Eorpach. Tá eolas faoi na leibhéil éagsúla ar an gComhchreat le fáil ag an nasc seo: Microsoft Word - Self-assessment grid Irish.doc
Cuspóirí an chúrsa
- Léargas a thabhairt do na rannpháirtithe ar éagsúlacht shaol na Gaeilge idir theanga, litríocht, oidhreacht agus chultúr.
- Tuiscint a chothú agus muinín a spreagadh iontu maidir le húsáid na Gaeilge idir labhairt agus scríobh.
- Deiseanna a chruthú dóibh sásamh pearsanta a bhaint as a bheith ag sealbhú, ag saibhriú agus ag buanú a gcuid Gaeilge i gceartlár na Gaeltachta.
An Cur Chuige Teagaisc
Baintear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach sna ranganna agus tugtar tús áite do riachtanas teanga na rannpháirtithe. Bíonn an bhéim ar obair bheirte agus ghrúpa, ar ábhar idirghníomhaíoch agus ar an rannpháirtíocht. Múintear an ghramadach de réir mar a bhíonn sí ag teastáil agus i gcomhthéacs an chuid is mó den am.
Ábhar Ranga
- Straitéisí Comhrá
- Cleachtaí éisteachta/cainte/léitheoireachta/scríbhneoireachta
- Cluichí teanga
- Cora cainte ó na canúintí éagsúla
Samplaí d’imeachtaí seach-churaclaim – ní gá go mbeadh gach ceann acu seo ar siúl le linn an chúrsa
- Turas oidhreachta
- Tráth na gCeisteanna Boird
- Damhsa Seit/Céilí
- Siúlóid Dúlra
- Tóraíocht Taisce
- Ceardlann Amhránaíochta