Gníomhaíochtaí na Mac Léinn

Áiseanna Staidéir

Tá Ollscoil na Gaillimhe ar fáil duit taobh amuigh den seomra ranga chomh maith.  Tá eolas le fáil anseo faoin méid atá le fáil ar an gcampas a chuideoidh le do chuid staidéir. Chun do bhealach a dhéanamh timpeall an champais féach na físeáin seo d’ionaid agus de sheirbhísí éagsúla – cuideoidh siad leat seomraí ranga a aimsiú

Cumainn

Tá breis is 110 cumann do mhic léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Tapaigh do dheis casadh le daoine nua a bhfuil na spéiseanna céanna acu leat féin, bain triail as rudaí nua agus bain taitneamh as.

YourSpace

Tá rogha leathan gníomhaíochtaí ar champas Ollscoil na Gaillimhe ar féidir leat clárú leo, d’fhéilire seach-churaclaim féin a bhainistiú agus do dhul chun cinn a rianú trí do phainéal pearsanta féin ar YourSpace. Logáil isteach le d’uimhir aitheantais agus do phasfhocal chun do phainéal seach-churaclaim a fheiceáil!

Spórt

Tá an spórt lárnach in Ollscoil na Gaillimhe agus leis na háiseanna den scoth atá anseo is féidir leat an dá thrá a fhreastal – an staidéar acadúil agus réimse leathan gníomhaíochtaí spóirt.

Na Meáin

Coinneoimid siamsaíocht agus eolas leat trí nuachtán na mac léinn, Sin agus trí stáisiún raidió an choláiste, Flirt FM.

Na hEalaíona ar an gCampas

Is comhpháirtíocht idir an Oifig Ealaíon, Oifig na gCumann, na mic léinn agus foireann na hOllscoile an clár ealaíon in Ollscoil na Gaillimhe, agus bíonn ceiliúradh ar an gcruthaitheacht agus ar an tallann mar thoradh air.

Comhaltas na Mac Léinn

Déanann Comhaltas na Mac Léinn ionadaíocht ar thuairimí agus ar leas na mac léinn san Ollscoil agus taobh amuigh de.

Obair Dheonach

Bealach iontach an obair dheonach le taithí a fháil, casadh le daoine nua, do chion a dhéanamh sa tsochaí, rud éigin a fhoghlaim agus, níos tábhachtaí ná sin, taitneamh a bhaint as!

Gradaim an Uachtaráin

Gradam ar leith do mhic léinn ar an gcampas é Gradam an Uachtaráin a thugann aitheantas don fhoghlaim i rannpháirtíocht, oiliúint agus obair dheonach na mac léinn, trí phortfóilió machnaimh ar líne.

Nuálaíocht & Forbairt

Tá sé mar aidhm ag Ollscoil na Gaillimhe deiseanna fáis agus forbartha a thabhairt don mhac léinn trí obair acadúil agus phobail. Féach an rogha clár atá ar fáil do mhic léinn.

Ceannaireacht

Trí raon leathan clár is féidir le mic léinn díriú ar a gceannaireacht phearsanta agus a gcuid scileanna a chur i ngníomh. 

Sóisialta agus Folláine

Tá raon leathan de chláir ó mhac léinn go mac léinn ag Ollscoil na Gaillimhe a chothaíonn cairdeas, ceangal agus folláine. Is féidir leat a bheith páirteach i Seas Suas nó Cara Connect mar shampla agus bualadh le mic léinn atá ar aon intinn leat le haghaidh siúlóidí, deiseanna oiliúna agus fás pearsanta.