Natalia Stolarska

MSc MSc Ceannaireacht Chomhshaoil

Bhí an-suim agam i gcónaí sa timpeallacht agus san athrú aeráide, agus is é sin a thug orm máistreacht a dhéanamh in Ollscoil na Gaillimhe. Cúrsa cuimsitheach suimiúil a bhí ann ar a raibh raon leathan modúl ag díriú ar scileanna ceannaireachta a fheabhsú, eolas comhshaoil agus réiteach fadhbanna. D’fheil sé seo go mór do mo bhunchéim in Eolaíocht an Domhain agus an Aigéin. Bhí an-suim ag na léachtóirí sna réimsí topaicí a bhí idir lámha acu agus bhí na léachtaí thar a bheith tarraingteach i gcónaí. Chuidigh na ranganna beaga linn páirt a ghlacadh i roinnt plé tábhachtach grúpa. Airím gur ullmhaigh an chéim mháistreachta seo mé do ghairm san earnáil chomhshaoil. Clúdaíodh raon leathan ábhar comhshaoil mar shampla measúnú tionchair timpeallachta, bainistíocht tionscadail, scileanna éiceolaíochta agus feidhmíocht chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (ESG).  Táim buíoch as na scileanna agus an t-eolas ar fad a fuair mé ón máistreacht seo le linn mo thréimhse in Ollscoil na Gaillimhe

Caobhan Mullin

MSc Córais Faisnéise Bainistíochta Anailísí Gnó – ITLDP ag Aptiv

I ndiaidh dom céim sa Tráchtáil a bhaint amach in Ollscoil na Gaillimhe, chinn mé dul le gairm sa teicneolaíocht ach bhraith mé i ndáiríre nach raibh cúlra teicniúil sách láidir agam a sheasfadh dom i saol na hoibre. Chinn mé tabhairt faoin gcúrsa máistreachta seo mar gheall go bhfuil an bhéim ar thiontú sa dúlra, mar sin mura bhfuil cúlra teicniúil agat, cuideoidh sé leat teicneolaíochtaí agus scileanna éagsúla a fhoghlaim. Mholfainn an clár d’aon duine atá ag iarraidh speisialtóireacht a dhéanamh in Eolaíocht agus Teicneolaíocht Faisnéise. Le céim sa Tráchtáil, creidim gur chuir an cúrsa seo ar mo chumas a bheith níos dírithe ar theicneolaíocht agus ar chórais faisnéise.

Katelyn Hayes

MA Cleachtas Gairmiúil sna Meáin

Is é an ghné is fearr den chúrsa seo ná an taithí oibre phraiticiúil a gheobhaidh tú le RTÉ. Chaith mé mí sa dara seimeastar ag obair i nDomhnach Broc, agus chabhraigh an taithí seo go mór liom obair a fháil sa tionscal ina dhiaidh sin. Bhí mé sa Rannóg Ghaeilge, agus fuair mé léargas maith ar an gcaoi a léirítear cláir cosúil le ‘Scannal’ agus ‘Aistear an Amhráin’ ansin. Chomh maith leis sin, fuair mé roinnt taithí sa Rannóg Spóirt, rud a thug orm sa deireadh post a fháil leo cúpla mí ina dhiaidh sin nuair a bhí an MA críochnaithe agam. Tá na léachtóirí ar fad an-spreagúil, agus sásta cuidiú leis na mic léinn am ar bith agus ar bhealach ar bith gur féidir leo.

Nathan O Rourke

Comh-Onóracha sna Dána ADiop Tiontú Síceolaíochta MSc Néareolaíocht

Mholfainn an MSc Néareolaíocht Chliniciúil go mór. D’fheil na modúil dóibh siúd a raibh cúlra eolaíochta nó síceolaíochta acu. Chinn mé go raibh an meascán idir eolas néareolaíochta agus na bealaí chun é seo a chur i bhfeidhm i suíomhanna cliniciúla an-mhaith. Bhain mé leas as an gcéim seo le mo bhunchéim chun cur isteach ar róil mar Shíceolaí Cúnta agus gairm le síceolaíocht chliniciúil a bhaint amach. Bhain mé úsáid as go leor topaicí agus scileanna i mo ról reatha, mar shampla an cumas measúnuithe cognaíocha agus léargais uathúla a úsáid chun cur chuige bithshíceasóisialta a ghlacadh. Bhraith mé gur buntáiste iomaíoch a bhí san MSc laistigh de mo réimse mar le céim idirdhisciplíneach bím in ann tabhairt faoi róil speisialtóra sa tsíceolaíocht chliniciúil.