- 
					Cúrsaí
					
		Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
 - 
					Saol na hOllscoile
					
		Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
 - 
					Eolas Fúinn
					
		Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
 - 
					Coláistí & Scoileanna
					
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
 - Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
 - Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
 - Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
 - Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
 - Roinn na Gaeilge
 - An tAcadamh
 - Stair
 - Idirnáisiúnta
 
		Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
 - 
					Taighde
					
		Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
 - 
					Gnó & Tionscal
					
		Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
 - 
					Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
					
		Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
 - 
					Rannpháirtíocht Pobail
					
		Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
 
Cén fáth a dtabharfá faoi Chomhairleoireacht
Tá comhairleoirí difriúil ó theaghlaigh agus ó chairde
- Tá siad lasmuigh de do shaol laethúil
 - Ní dhéanfaidh siad tú a mheas, a cháineadh nó boinn tuisceana a dhéanamh fút
 - Tá siad neodrach
 - An t-aon fhoinse eolais atá acu fút ná tú féin
 
Tá roinnt rudaí deacair a roinnt le teaghlaigh agus le cairde
- Tá roinnt rudaí nach féidir leat a roinnt
 - D'fhéadfá a bheith buartha faoi thionchar a imirt ar an gcairdeas
 - D'fhéadfadh freagra cairde a bheith ag cur imní ort
 - B'fhéidir gur mhaith leat smaoineamh ar rudaí tú féin sula labhraíonn tú le cairde nó le do theaghlach
 - D'fhéadfadh go mbeadh spás ag teastáil uait chun labhairt i dtimpeallacht gan aon bhrú
 
Cad a thugann daoine chuig na comhairleoirí sa Choláiste?
- A bheith imithe ón mbaile
 - An tionchar a bhaineann le dul chuig an gcoláiste
 - Cairde nua a dhéanamh
 - Ag socrú isteach i dtimpeallacht nua
 - Ag déileáil le bealaí nua staidéir agus foghlama
 - Fadhbanna acadúla
- Deacrachtaí le staidéar
 - Spreagadh
 - Dianmhachnamh
 
 - Ní hé an cúrsa a bhíothas ag súil leis
 - Deacrachtaí sula dtagann siad chuig an gcoláiste
- Is féidir le deacrachtaí mothúcháin cur leo seo a leanas:
- Deacrachtaí díriú ar rudaí
 - Giúmar íseal
 - Deacrachtaí teaghlaigh
 - Bás/caillteanas de chineál ar bith
 - Eachtraí trámacha
 - Mí-úsáid
 - Dúlagar
 - Easpa spreagtha
 - Dúghafa
 - Deacracht le codladh
 - Fóibí
 - Guagacht giúmair
 - Neamhoird itheacháin
 - Mí-úsáid alcóil
 - Foirfeachtachas
 - Imní
 - Féinghortú
 - Smaointe féinmharaithe
 
 
 - Is féidir le deacrachtaí mothúcháin cur leo seo a leanas:
 - Andúileacht
 
Tá comhairleoireacht ann chun cabhrú leat …
- Tuiscint a fháil ort féin
 - Smaoineamh ar rudaí
 - Mothúcháin a admháil
 - Iad a oibriú amach
 - Na roghanna a mheas
 - Roghanna a dhéanamh
 
Bonn tuisceana agus imní nuair a bhíonn daoine ag smaoineamh ar chomhairleoireacht
- D'fhéadfainn a bheith trína chéile
 - An gciallaíonn sé sin go bhfuilim ag teip sa saol?
 - Céard a cheapfadh mo chairde?
 - Nílim ag iarraidh go gcuirfí i gcuimhne dom chomh dona is a airím
 - Is féidir liom mo chuid fadhbanna a réiteach asam féin
 - D'fhéadfadh sé mé a dhéanamh níos measa
 - Tá náire orm faoi mo chuid fadhbanna
 - Má théim chuig comhairleoireacht, an ndéanfar gach rud a réiteach?
 - Ní féidir le duine ar bith a thuiscint cén chaoi a n-airím
 - Is dóigh go bhfuilim thar a bheith go dona
 - Nílim ag iarraidh labhairt le strainséir
 - Bheadh comhairleoireacht ag cur isteach ar mo chuid staidéir
 - Nuair a thosaíonn tú comhairleoireacht ní thagann deireadh leis riamh
 - B'fhéidir nach dtaitneodh an comhairleoir liom
 - Cuir i gcás nach mbeidh a fhios agam cad atá le rá?
 
Is imní iad seo a bhíonn ag daoine go minic sula dtéann siad ag comhairleoireacht.
Ná lig do na smaointe seo tú a stopadh ó theagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís.
Cad a tharlaíonn sa chéad seisiún?
Maireann seisiún comhairleoireachta ar feadh 50 nóiméad. Pléifidh an comhairleoir minicíocht na seisiún leat (uair sa tseachtain nó uair sa choicís go hiondúil) agus an t-am. Féadfaidh do chomhairleoir líon seasta seisiún a thairiscint (sé cinn de ghnáth) nó níos mó seisiúin leanúnacha.
Eolas a bhailiú a bhíonn i gceist leis an gcéad seisiún. Déantar iarracht tuiscint níos fearr a fháil ar dheacrachtaí freisin.
Feiceann daoine, in amanna, gurb é seo an méid a theastaíonn mar gheall go gcuidíonn an próiseas leat
- Smaoineamh níos soiléire
 - Smaoineamh ar bhealaí níos fearr le rudaí a bhainistiú
 - Cuimhneamh go bhfuil acmhainní agat féin, agus timpeall ort, chun cabhrú leat déileáil leis na rudaí a bhreathnaigh an-deacair le bainistiú i d'aonar.
 

				