Lonnaithe i lár chathair bhríomhar na Gaillimhe, is furasta teacht ar an ollscoil sa charr agus ar iompar poiblí, agus tá áiseanna maithe iompair idir an ollscoil agus trí aerfort idirnáisiúnta.


Taisteal sa Charr

Aneas

  • Ó ChorcaighLuimneach, tóg an M18 i dtreo na Gaillimhe. Rachaidh tú timpeall ar Inis agus an Gort, agus buailfidh tú leis an M6, an mótarbhealach ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh, ar an taobh thoir den chathair.
  • Ag an acomhal leis an M6, lean na comharthaí i dtreo chathair na Gaillimhe. Beidh timpeallán ag deireadh an M6, díreach lasmuigh de chathair na Gaillimhe. Glac an dara slí amach as an timpeallán seo.
  • Uaidh seo, lean na comharthaí don Chlochán. Tógfaidh an bealach seo ar roinnt débhealaí timpeall na cathrach thú.
  • Trasnaigh Droichead na gCúig Céad (droichead fada débhealaigh thar Abhainn na Gaillimhe) agus cas ar chlé ag na soilse tráchta i dtreo Bhóthar na Trá Íochtarach. Coinnigh súil amach ar na comharthaí do shiombail ollscoile. 
  • Lean ar aghaidh go dtí na chéad soilse tráchta eile agus beidh an bealach isteach go dtí an Ollscoil ó Bhóthar an Chaisleáin Nua ar chlé.

Anoir

  • Ó Bhaile Átha Cliath lean an M4 (comharthaí do Shligeach). Ag acomhal 11, lean an M6 i dtreo na Gaillimhe agus na comharthaí do Ghaillimh.
  • Téigh chomh fada leis an timpeallán ag deireadh an M6. Glac an dara slí amach as an timpeallán seo.
  • Uaidh seo, lean na comharthaí don Chlochán. Tógfaidh an bealach seo ar roinnt débhealaí timpeall na cathrach thú.
  • Trasnaigh Droichead na gCúig Céad (droichead fada débhealaigh thar Abhainn na Gaillimhe) agus cas ar chlé ag na soilse tráchta i dtreo Bhóthar na Trá Íochtarach. Coinnigh súil amach ar na comharthaí do shiombail ollscoile.
  • Lean ar aghaidh go dtí na chéad soilse tráchta eile agus beidh an bealach isteach go dtí an Ollscoil ó Bhóthar an Chaisleáin Nua ar chlé.
  • Ó Bhéal Feirste tóg an A1/M1 i dtreo Bhaile Átha Cliath. Lean an M50 go dtí an acomhal leis an M4 go Sligeach (Gaillimh), agus tóg an bóthar sin. Lean na treoracha thuas don turas ó Bhaile Átha Cliath.

Taisteal ar Iompar Poiblí

Is furasta teacht go Gaillimh ar iompar poiblí.

  • Traenacha: Tá stáisiún traenach na Gaillimhe suite in aice leis an bhFaiche Mhór. Tá seirbhís mhaith traenach go dtí an chathair, agus níl sí ach 2.5 uair ar shiúl ó Bhaile Átha Cliath. Faigh tuilleadh eolais anseo maidir le seirbhísí agus amchláir.
  • Busanna: Is féidir teacht go Gaillimh ar cheann de na busanna rialta de chuid na seirbhíse poiblí bus againn, nó is féidir seirbhís phríobháideach bus, ar nós CityLinkGoBus, a úsáid. Tógann busanna díreacha (gan stad) 2.5 uair le teacht ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh.
  • Iompar Poiblí na Gaillimhe: Ó lár na cathrach, is féidir tacsaí a thógáil go dtí an Ollscoil. Rogha eile is ea Bus Uimh. 4 i dtreo an Chaisleáin Nua a théann ón bhFaiche Mhór, gnáthionad fágála na mbusanna atá gar don stáisiún traenach.

Aerthaisteal

Tá sé éasca taisteal go dtí an Ollscoil ó Aerfort na Sionainne, Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire, agus Aerfort Bhaile Átha Cliath.

  • Luíonn Aerfort na Sionainne agus Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire uair an chloig tiomána ó Ghaillimh. Is féidir Bus ÉireannCityLink a úsáid chun taisteal go Gaillimh ar bhus. Cé is moite de sin, tá sé éasca carr a fháil ar cíos ag gach ceann de na haerfoirt seo.
  • Turas 2 uair 15 nóiméad tiomána atá Aerfort Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath ó chathair na Gaillimhe. Is féidir carr a fháil ar cíos agus ár bpleanálaí turas a úsáid chun cuidiú leat do shlí a dhéanamh go Gaillimh. Tá rogha seirbhísí rialta bus, ar féidir brath orthu, ann chun taisteal go Gaillimh chomh maith. Ina measc tá: Bus ÉireannCityLink agus GoBus.