Fáilte chuig Disciplín na Seandálaíochta

Is éard atá i gceist le seandálaíocht staidéar ar an gcaoi a bhfuil daoine tagtha in oiriúint do gach cineál timpeallachta agus cúinse cultúrtha is féidir a shamhlú, mar a ndeachaigh daoine éagsúla i ngleic le dúshláin chomh bunúsach le maireachtáil agus chomh teibí le mistéirí an chosmais - baineann an tseandálaíocht le tuiscint a fháil ar na fórsaí a raibh tionchar acu ar shibhialtacht dhaonna ar fud an domhain, agus conas mar atá an scéal seo ábhartha sa lá atá inniu ann.
Tá an tSeandálaíocht in OÉ Gaillimh meáite ar ardchaighdeán oideachais a chur ar fáil i dtimpeallacht atá dírithe ar mhic léinn; oideachas atá bunaithe ar thaighde nuálach agus a bhfuil bunús láidir eiticiúil faoi. Oibrímid le leasa pobail áitiúil sa tseandálaíocht agus táimid go mór ar son chosaint na hoidhreachta. Tá taighde na foirne agus na gcéimithe nuálaíoch agus ceannródaíoch, agus tá an ráta is airde againn maidir le scoláireachtaí na Comhairle um Thaighde in Éirinn a bhaint amach. Táimid ar thús cadhnaíochta sheandálaíocht na hÉireann, bíonn ár gcéimithe ar ardchaighdeán agus éiríonn go maith leo i réimse iomlán na gairme oidhreachta in Éirinn agus thar lear.