Ag dul ar Shocrúchán

Is modúl foghlama obair-bhunaithe é an socrúchán oibre atá leabaithe i gcláir áirithe in Ollscoil na Gaillimhe. Cuireann sé ar do chumas taithí oibre luachmhar a fháil le cur ar do CV agus foghlaimeoidh tú scileanna nua sa timpeallacht oibre ag an am céanna. Cuidíonn sé seo le d’infhostaitheacht a fheabhsú don todhchaí.
Tá an clár foghlama obair-bhunaithe seo éigeantach agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí moill ar do chéim a bhronnadh ort mura gcuirfidh tú an Clár Taithí Gairmiúla i gcrích go sásúil.

Conas a rachaidh an socrúchán oibre chun tairbhe duit?
• Tugann sé deis duit an obair theoiriciúil a chleachtadh.
• Foghlaimítear eolas agus scileanna nua a bhaineann leis an saol acadúil agus pearsanta.
• Tugann sé léargas ar an saol oibre, forbraítear féinfheasacht agus tacaíonn sé le cinntí gairme a dhéanamh.
• Cuireann sé le do CV, ag leagan béime ar do chuid scileanna agus éachtaí nua.
• Cuireann sé le d’infhostaitheacht agus do sheans ar phost a bhaint amach i ndiaidh na céime.
• Cruthaíonn sé líonra de theagmhálacha féideartha don tréimhse atá le teacht.

Próiseas an tSocrúcháin Oibre

Dianchúrsa:

Glacfaidh tú páirt inár nDianchúrsa Socrúcháin Oibre an bhliain sula dtéann tú ar shocrúchán oibre.
Is éard atá sa Dianchúrsa Infhostaitheachta don Fhoghlaim Obair-bhunaithe sraith ceardlann infhostaitheachta atá mar bhonn ag Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim a dhéanann iarracht na mic léinn a ullmhú do phróiseas an tsocrúcháin oibre. Tá trí chuid i gceist.

  1. Seisiún Comhairleach: Áirítear sa chuid Chomhairleach den cheardlann dianchúrsa rannpháirtíocht idirghníomhach le Lucht Léinn, Comhairleoirí Gairme, Oifigigh Socrúcháin Oibre agus mic léinn a bhfuil fostóirí aimsithe acu agus mic léinn i mbliain na céime. Úsáidtear uirlis idirghníomhach ar líne chun riachtanais na mac léinn a léiriú agus a gcuid tuisceana a mheas.
  2. Ceardlann CV: Ceardlann idirghníomhach atá sa cheardlann CV a reáchtáiltear i ríomhlann, áit a mbeidh dréacht CV comhlánaithe ag grúpa mac léinn. Déantar é a uaslódáil ar an ríomhaire agus déantar gach mír den CV a mhíniú píosa ar phíosa ar bhealach idirghníomhach.
  3. Athbhreithniú CV duine le duine: Déanann gach mac léinn an leagan deiridh dá CV a chur i gcrích i ndiaidh dóibh an cheardlann CV a chríochnú. Ina dhiaidh sin, tugtar an leagan seo chuig coinne athbhreithnithe CV duine le duine, áit a ndéanfar athbhreithniú ar gach CV chun a chinntiú gurb é an leagan is fearr is féidir é.  Is féidir coinní a dhéanamh ar Careers Connect
Bliain an tsocrúcháin oibre:

Nuair a fhillfidh tú do sheimeastar a haon, iarrfar ort cur i láthair ar an socrúchán oibre a thabhairt. Leis seo tabharfar eolas duit maidir leis an Iarratas ar Shocrúchán Oibre ar líne. Beidh ceardlann ar scileanna agallaimh ar fáil duit chomh maith a thabharfaidh cúnamh duit agus tú ag ullmhú d’agallaimh.

Is é an tIarratas ar Shocrúchán Oibre an córas ar líne a úsáidtear chun próiseas an tsocrúcháin oibre uile a bhainistiú. Nuair a bheidh tú cláraithe ar an gcúrsa tabharfar rochtain duit ar an gcóras. Beidh tú in ann do CV a uaslódáil agus iarratas a dhéanamh ar na socrúcháin atá fógartha. Déantar próiseas an tsocrúcháin oibre ar fad ó chéim an iarratais go dtí céim na tairisceana a bhainistiú ar an Iarratas ar Shocrúchán Oibre.

Ceisteanna agus Freagraí

Má bhíonn aon cheist agat ag céim ar bith de phróiseas an tsocrúcháin oibre is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar an gcéad dul síos. Tá an tOifigeach Socrúcháin Oibre ar fáil chomh maith le bualadh leat más gá.

Idir an dá linn, seo a leanas roinnt ceisteanna coitianta


An féidir liom mo shocrúchán féin a shocrú?

Conas a aimseoidh mé mo shocrúchán oibre féin?

Céard is gá dom a dhéanamh chun go n-éireoidh liom mo shocrúchán oibre féin a aimsiú?

An bhfuil fáil ar shocrúcháin oibre thar lear?

An bhfuil íocaíocht i gceist?

An bhfuilim clúdaithe ag árachas agus mé ar socrúchán?

Conas a dhéantar an socrúchán oibre a mheas?

An bhfaigheann gach duine socrúchán oibre agus céard a tharlaíonn mura bhfaigheann?

An gá dom fanacht ar feadh thréimhse iomlán an tsocrúcháin oibre?

Má dhéantar socrúchán oibre a thairiscint dom an féidir liom é a dhiúltiú agus mo shocrúchán féin a aimsiú?

An bhfuil formhór na socrúchán i nGaillimh?

Conas a dhéileálfaidh mé le comhoibrithe atá ag cruthú deacrachtaí agus mé ar shocrúchán oibre?

An bhfuil tábhacht le gráid agus socrúchán oibre á dhaingniú?

Ag tacú le mic léinn atá faoi mhíchumas

Ba cheart gur eispéireas spreagúil agus taitneamhach é dul ar shocrúchán oibre, a thabharfaidh do dhúshlán agus a thabharfaidh deis d’fhorbairt phearsanta. Cé go bhféadfadh cuma scanrúil a bheith ar an bpróiseas, is é an dea-scéala ná go n-oibríonn an tIonad Forbartha Gairmeacha go dlúth leis na Seirbhísí Tacaíochta Míchumais in Ollscoil na Gaillimhe chun a chinntiú go dtugtar tacaíocht do mhic léinn faoi mhíchumas, a bhfuil riochtaí sláinte coirp nó meabhairshláinte leanúnacha, nó deacrachtaí foghlama ar leith acu.

Cé gur cinneadh duit féin é an scéal a nochtadh, molaimid má tá tú cláraithe leis an tSeirbhís, go roinnfeá an t-eolas sin le d’Oifigeach Socrúcháin ionas gur féidir leo an t-eolas seo a úsáid chun cabhrú leat do chumas iomlán a bhaint amach agus an tacaíocht riachtanach a sholáthar. Is sonraí “pearsanta íogaire” iad agus ní dhéanfar iad a chur in iúl go deo lasmuigh den Ollscoil gan cead uait.

Chun sonraí a fháil faoi chlárú leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais cliceáil ANSEO 

Ní bhíonn aon sonraí faoi thacaíochtaí míchumais/socruithe réasúnta atá faighte agat le fáil i dtras-scríbhinní acadúla na dtorthaí.

Tacaíocht Socrúcháin Oibre

Sula dtéann tú ar shocrúchán, má tá tú cláraithe leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais, molaimid duit Cruinniú le Socrúchán a Phleanáil a bheith agat faoi rún le Comhairleoir Míchumais DSS. Ag an gcruinniú seo, beidh an deis agat plé a dhéanamh ar thacaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith uait agus tú ag ullmhú do shocrúchán, socruithe réasúnta a theastaíonn agus más mian leat míchumas, riocht sláinte leanúnach coirp nó meabhairshláinte, nó deacracht foghlama ar leith ar do shuíomh socrúcháin a chur in iúl ar shocrúchán.

Má roghnaíonn tú an scéal a chur in iúl don ionad socrúcháin, d’fhéadfaí Tuairisc Pleanála Socrúcháin a líonadh i gcomhar leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais agus le d’Oifigeach Socrúcháin. Ní roinnfear an tuairisc go deo le d’ionad socrúcháin ach amháin le do chead.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi nochtadh, cad ba cheart a bheith ag súil leis ag Cruinniú Pleanála Socrúcháin agus Tuairisc Pleanála Socrúcháin a líonadh, féach: Tacaíocht Socrúcháin Oibre na Seirbhíse Tacaíochta Míchumais

Mar mhalairt air sin, má tá tú cláraithe leis an tSeirbhís agus más maith leat Cruinniú Pleanála Socrúcháin faoi rún, líon an fhoirm seo Foirm Iarratais ar Chruinniú Pleanála Socrúcháin

Bain an tairbhe is fearr is féidir as do shocrúchán oibre

Bí gairmiúil – Iompair tú féin ar bhealach gairmiúil agus tú ar shocrúchán oibre. Oibrigh i gcomhréir le polasaithe agus nósanna imeachta na heagraíochta ina bhfuil tú ag obair.

Cuir cuma na maitheasa ort féin. Bí gléasta ar bhealach oiriúnach don timpeallacht oibre. Ar do chéad lá, bíodh eolas agat ar na héadaí is cóir a chaitheamh, ó Acmhainní Daonna nó buail bleid ar dhuine den fhoireann nuair a théann tú faoi agallamh.

Bí fiosrach – Déan taighde ar an gcuideachta sula dtosaíonn tú agus léirigh spéis agus díograis ina bhfuil ar siúl agat. Tabhair faoi deara mar intéirneach go bhféadfaí raon tascanna a thabhairt duit, le meascán de thascanna deacra agus casta. Déan do dhícheall leis na tascanna socraithe go léir, fiú na cinn is leadránaí. Téigh i ngleic le hintéirneacht le muinín seachas le muinéal.

Cuir aithne ar dhaoine – Cruthaigh agus glac deiseanna chun bualadh leis an méid daoine is féidir leat agus cuir ceisteanna. Coinnigh i dteagmháil le teagmhálacha nua agus bí cinnte go gcuireann tú le do líonra gairmiúil LinkedIn. Bunaigh caidrimh trí dheiseanna a ghlacadh bualadh le comhghleacaithe.

Léirigh gur féidir leat oibriú as do stuaim féin – Bí sásta tabhairt faoi thascanna agus tapaigh a mhéid deiseanna agus is féidir chun blaiseadh a fháil de róil, tionscadail agus ranna éagsúla. Bí lárnach agus tairg cúnamh nuair is féidir agus seachain díomhaointeas agus leadrán gan a bheith ag obair. Smaoinigh ar thionscadal a dhearadh don intéirneacht, le cead ón gcuideachta, a thabharfadh obair rialta duit, mar aon le bheith ag cur le do thaithí ar do phortfóilió nó CV.

Bain an luach is fearr agus is féidir as an socrúchán – Is deis foghlama luachmhar d’intéirneacht agus is bealach í chun d’infhostaitheacht a mhéadú. Bí páirteach agus smaoinigh ar an mbealach a bheidh na scileanna agus an taithí atá faighte agat úsáideach chun cur le do ghairm bheatha amach anseo.