Fáilte chuig an bhFoghlaim d'Aosaigh

Fáilte chuig an tIonad Foghlama & Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh. Cuirimid réimse cúrsaí Gairmiúla, Páirtaimseartha agus Oíche ar fáil. Tugann ár gcúrsaí solúbtha deis duit staidéar a dhéanamh i d'am féin i réimse leathan ábhar. Más ag iarraidh breisoiliúint a chur ort féin don fhostaíocht atá tú nó ar mhaithe le d'fhorbairt phearsanta, tá cúrsa againne duit!

Tabhair faoi deara: Táthar ag glacadh le hiarratais ar líne anois dár gcúrsaí páirtaimseartha go léir don Bhliain Acadúil 2023/24. Beidh modh staidéir éagsúil (foghlaim chumaisc, foghlaim ar líne etc.) i gceist do gach cúrsa. Féach ar leathanach gréasáin an chúrsa sula ndéanann tú iarratas agus déan teagmháil le riarthóir an chúrsa má tá aon cheist agat.

Buneolas Fúinn

Agus breis is 50 bliain caite ag cur deiseanna oideachais ar fáil d’fhoghlaimeoirí lánfhásta agus deiseanna chun scileanna nua a shealbhú, cuireann an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d'Aosaigh réimse leathan cúrsaí páirtaimseartha, solúbtha ar fáil i raon leathan ábhar idir Sheandálaíocht agus Intleacht Shaorga, Síceolaíocht agus Fisic nó Forbairt Ceannaireachta agus Dearadh Foghlama.

Cuirimid fáilte roimh os cionn 1,800 foghlaimeoir páirtaimseartha chuig an Ionad gach bliain. Soláthraímid modúil astu féin ar mhaithe leis an bhforbairt ghairmiúil leanúnach (CPD) nó cúrsaí a mbaineann Teastas, Dioplóma, Céim agus Máistreacht leo. Mar sin, más mian leat tabhairt faoi chúrsa ar bhonn pearsanta nó chun breisoiliúint a chur ort féin nó má theastaíonn uait scileanna nua a shealbhú ar mhaithe le fostaíocht, tá tú san áit cheart!

Is iomaí bealach atá tú in ann tabhairt faoi chúrsa (i.e. sa seomra ranga, ar líne) agus beidh tú in ann staidéar a dhéanamh i d'am féin ag brath ar do shaol oibre agus pearsanta. Féach ar an liosta iomlán de chúrsaí páirtaimseartha atá againn i réimse leathan ábhar ar a n-áirítear: Gnó & Bainistíocht, Eolaíocht & Teicneolaíocht, na Daonnachtaí, na hEolaíochtaí Sóisialta, Oideachas Pobail, Léann Luath-Óige agus Oiliúint & Oideachas.

Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

Tá sé níos éasca anois ná riamh foghlaim trí CPD - Forbairt Ghairmiúil Leanúnach - a bhuíochas don Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh.

Próiseas é CPD ina mbainistíonn tú do chuid eolais agus scileanna gairmiúla féin ar bhonn leanúnach. Trí CPD beidh an deis agat cuntas a choinneáil ar do chuid foghlama, í a athbhreithniú agus machnamh a dhéanamh uirthi. Tá sé seo riachtanach d'fhostaíocht leanúnach agus ardú céime.

Féadfaidh tú modúl amháin a dhéanamh nó cúpla ceann a dhéanamh neamhspleách ar a chéile. Tá na modúil dírithe ar an tionscal agus is deis iontach iad le hathoiliúint a chur ort féin i do ghairm agus cur le do phortfóilió CPD. Tuilleadh eolais anseo.

An Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta

Gach samhradh tagann breis is trí chéad mac léinn idirnáisiúnta a bhfuil suim acu sa Léann Éireannach, Oideachas in Éirinn, an Ghaeilge, Seandálaíocht, Geolaíocht agus Eiceolaíocht ar cuairt chugainn.

Tugann na cúrsaí dearcadh maith, ilchineálach do na mic léinn ar an ábhar. Is léachtóirí agus daoine gairmiúla den scoth a bhfuil réimse leathan saineolais acu ina n-ábhair féin a bhíonn ag teagasc ar na cúrsaí.

Cuid lárnach de na cúrsaí iad na turais oideachais a dhéanann na mic léinn agus a thugann an deis dóibh eolas praiticiúil a chur ar ábhar ar leith. I rith do thréimhse staidéir, beidh an deis agat cuairt a thabhairt ar chathair na Gaillimhe agus ar áiteanna eile in Éirinn. Tuilleadh eolais anseo.