-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
- Foghlaim agus Forbairt Ghairmiúil d’Aosaigh
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Gearrchúrsaí (neamhchreidiúnaithe)
Cuireann an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh sraith gearrchúrsaí neamhchreidiúnaithe, sa seomra ranga agus ar líne, ar fáil i réimsí éagsúla. Tá na cúrsaí leagtha amach do scoláirí a bhfuil suim acu sna hábhair atá ar fáil agus tugann siad deis dóibh tuilleadh a fhoghlaim faoin ábhar agus taithí a fháil ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil.
Costas
€145
Fad an chúrsa
8 seacht
Dáta tosaigh
6 Feb 23
Cuirfear tús leis na gearrchúrsaí an tseachtain dar tús 6 Feabhra agus tairgtear iad mar chlár sa seomra ranga nó ar líne thar 8 seachtaine, tráthnóna amháin in aghaidh na seachtaine (7–9pm sa seomra ranga, 7–8.30pm ar líne).
Liosta na nGearrchúrsaí in 2023
Dé Máirt |
Logainmneacha Gaeilge a Dhíchódú (ar an gcampas) |
An féidir leis na hEalaíona Ceannairceacha muid a athrú? (ar an gcampas) | |
Ón Teorainn go Breatimeacht: Stair Thuaisceart Éireann (ar an gcampas) | |
Dé Céadaoin |
Litríocht na hÉireann - Ó Yeats go McKeon (ar líne) |
Fraincis a fheabhsú (ar an gcampas) | |
Cuir snas ar do chuid Gaeilge (ar líne) | |
Déardaoin |
Ó ‘Labour's Way’ go ‘Breaking the Mould’: Páirtithe polaitiúla in Éirinn san 20ú hAois (ar an gcampas) |
Déantáin agus Seandálaíocht Éire na Réamhstaire (ar an gcampas) | |
Fealsúnacht na Filíochta (ar an gcampas) | |
Dé hAoine |
Gearmáinis a fheabhsú (ar líne) |
Dé Sathairn |
*Réamheolas ar Theicníc Alexander (ar an gcampas) |
*Beidh Réamheolas ar Theicníc Alexander ar siúl thar 2 cheardlann (Dé Sathairn, an 25 Feabhra agus Dé Sathairn, an 4 Márta).
Cliceáil ar an gcnaipe thuas chun iarratas a dhéanamh ar líne (ní féidir iarratas a sheoladh sa phost ná a chur isteach go pearsanta i mbliana).
Tá an fhoirm ar fáil i mBéarla amháin faoi láthair ach is féidir leat teagmháil a dhéanamh le adultlearning@universityofgalway.ie sa chás go bhfuiltear ag iarraidh iarratas a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar na cúrsaí, cliceáil ar an mbróisiúr thíos:
Short Courses 2023 Brochure
Ceisteanna Coitianta
Cén chaoi ar féidir liom iarratas a dhéanamh?
Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anseo. Ní féidir iarratas a sheoladh sa phost ná a chur isteach go pearsanta.
Seolfar nasc rochtana chuig an gcúrsa ar rphost chuig rannpháirtithe na gcúrsaí ar líne roimh dháta tosaithe an chúrsa. Cuirfear tús leis na gearrchúrsaí an tseachtain dar tús an 6 Feabhra 2023. Tá lá agus am gach cúrsa liostaithe thuas ar an láithreán gréasáin.
Cén spriocdháta atá ann?
Dé Céadaoin, an 1 Feabhra 2023 spriocdháta na nGearrchúrsaí.
Cén costas atá ar an gcúrsa?
€145 an costas atá ar na gearrchúrsaí ar líne.
Cá mbíonn na cúrsaí ar siúl?
Cuirfear na cúrsaí ar fáil i seomra ranga nó ar líne ar Zoom. Gheobhaidh rannpháirtithe rphost leis an gcód rochtana agus an pasfhocal an tseachtain sula dtosaíonn an cúrsa.
An mbeidh scrúduithe i gceist?
Ní bheidh scrúduithe ag deireadh na ngearrchúrsaí mar is cúrsaí neamhchreidiúnaithe iad.
An bhfaighidh mé teastas?
Ní bhfaighidh tú teastas ag deireadh na gcúrsaí mar is cúrsaí neamhchreidiúnaithe iad.
Cúrsa a chur ar ceal/Aisíocaíochtaí
Beidh na cúrsaí seo ag brath ar líon áirithe scoláirí a bheith cláraithe. Mura mbeidh líon áirithe scoláirí cláraithe ar chúrsa cuirfear ar ceal é. Déanfar cúrsa eile a thairiscint d’iarrthóirí nó déanfar aisíocaíocht* ar tháille an chúrsa. Chun d’áit a chinntiú ar do rogha cúrsa déan iarratas chomh luath agus is féidir leat.
Ní bhíonn aisíocaíochtaí i gceist ach amháin má bhíonn orainn cúrsa a chur ar ceal. Is ar an mbunús seo a iarrtar ort eolas a chur ar ábhar an chúrsa sula gcláraíonn tú.
*Tabhair faoi deara go ndéanann Ollscoil na Gaillimhe aisíocaíochtaí a phróiseáil agus go bhféadfadh go mbeadh moill i gceist.Cúpla Focal ó na Scoláirí

Teistiméireachtaí ó Scoláirí | Feabhra 2021
Eispéireas foghlama an-taitneamhach ar bhealach spraíúil agus inrochtana go héasca" Selina Bonner, "Bhí sé iontach rud éigin nua a fhoghlaim le linn na dianghlasála chomh maith le bualadh le daoine nua" Eve Edgeworth, "Bhain mé an-taitneamh as an taithí ar fad, d'fhoghlaim mé go leor agus táim muiníneach faoi mo chuid smaointe a leanúint agus faoi phleanáil do mo phodchraoladh" Liz Kelly, "Bhí an cúrsa suimiúil agus spreagúil. Bhí sé go maith bualadh le daoine nua (cé gur go fíorúil a bhí sé!) agus bhain mé sult as ábhar an chúrsa" Mary Slattery," Bhí an cúrsa an-taitneamhach agus lán le heolas. Thug sé rud éigin dom le bheith ag tnúth leis gach seachtain" Joe Maguire