Lóistín do Mhic Léinn Ollscoil na Gaillimhe.

Tá an próiseas iarratais ar áiteanna cónaithe do mhic léinn ar an gcampas (Baile na Coiribe, Baile an Chíorbhuí agus Baile na Breacóige) dúnta anois don bhliain acadúil 2023-24

Féach ar láithreán gréasáin Campus Living le haghaidh sonraí ar an gcaoi le hiarratas a dhéanamh

Lasmuigh den Champas

Cé go bhfuil an-éileamh ar thithe i nGaillimh, tá roghanna éagsúla ar fáil do mhic léinn ar fud Chathair na Gaillimhe agus an cheantair máguaird. Studentpad Is é do shuíomh ar féidir brath air chun lóistín príobháideach lasmuigh den champas a aimsiú. Cé nach bhfuil aon chinnteacht ann go bhfaighidh tú do chéad rogha maidir le lóistín lasmuigh den champas nó ar an gcampas, gheobhaidh tú an t-eolas go léir a bheidh uait anseo, agus ar Studentpad, chun áit a aimsiú a fheileann do do riachtanais. Tá go leor áiseanna, seirbhísí agus córais iompair iontacha le fáil sna ceantair seo – foghlaim níos mó anseo.

Ar an gCampas 

Tá áthas ar Ollscoil na Gaillimhe áit chónaithe úrnua do mhic léinn ar an gcampas a fhógairt gar do Bhaile na Coiribe agus do Bhaile an Chíorbhuí. Áit chónaithe nua-aimseartha agus atá tíosach ar fhuinneamh atá i mBaile na Breacóige le 674 seomra leapa agus seomra folctha en suite agus deasc staidéir, in 125 árasán fairsing, féinfhreastail ina bhfuil cosc ar chaitheamh tobac/vápáil. 

Tá an próiseas iarratais ar áiteanna cónaithe do Bhaile na Breacóige dúnta anois don bhliain acadúil 2023-24. Féach anseo chun an t-eolas is déanaí a fháil faoi áiteanna cónaithe ar an gcampas ar a n-áirítear Baile na Coiribe, Baile an Chíorbhuí agus Baile na Breacóige. Ní mholaimid do mhic léinn a bheith ag brath ar dhaoine lóistín a chur ar ceal dá lóistín le linn am téarma. Tá roghanna eile le scrúdú thíos.


Ceisteanna Coitianta faoi Lóistín

Cén uair ba chóir duit tosú ag cuardach lóistín?

Glactar le hiarratais d’áiteanna cónaithe do mhic léinn ar an gcampas agus lasmuigh den champas araon i mí Feabhra do mhí Mheán Fómhair, agus fanann siad ar oscailt ar feadh cúpla seachtain. Glacann na Soláthraithe Lóistín lasmuigh den champas, Westwood agus Swuite, le hiarratais ó thús mhí na Nollag agus mí Eanáir. Is smaoineamh maith é clárú do nuachtlitir na soláthraithe lóistín chun foláirimh a fháil maidir le dátaí agus spriocdhátaí tábhachtacha.

Má tá lóistín príobháideach á lorg agat, molaimid duit teacht go Gaillimh go luath sa samhradh chun áiteanna a fheiceáil. 

An féidir liom scéalta ó mhic léinn eile a fuair lóistín a léamh?

Cliceáil anseo chun teistiméireachtaí ó mhic léinn eile a léamh. 

Is mac léinn idirnáisiúnta mé. An féidir liom lóistín a chur in áirithe ó mo thír dhúchais?

Molaimid gan airgead a sheoladh chuig tiarna talún go dtí go bhfeiceann tú an áit go pearsanta. 

Má tá tú ag taisteal go Gaillimh ó thar lear, is féidir leat lóistín gearrthéarmach a chur in áirithe (cosúil le leaba agus bricfeasta nó brú óige) nuair a thagann tú i dtosach, ansin breathnaigh ar áiteanna sula n-íocfaidh tú éarlais. Molaimid áiteanna a eagrú agus teacht go Gaillimh i bhfad roimh an téarma, lena chinntiú go bhfuil lóistín deimhnithe agat in am trátha.

Aon leideanna maidir le bheith ag roinnt tí go sásúil le daoine eile?

  1. Cuimhnigh cloí le treoirlínte FSS maidir le Covid-19 i gcónaí lena chinntiú go bhfanann an ollscoil agus an pobal i gcoitinne slán agus sábháilte.
  2. Bí soiléir ón tús: bíodh róta aontaithe agaibh don ghlanadh agus aontaigh ar pholasaí maidir le cuairteoirí.
  3. Ná tóg aon rud ar iasacht ó do chomrádaí gan ceist a chur ar dtús.
  4. Tabhair aghaidh ar fhadhbanna beaga ar bhealach measúil sula n-éiríonn siad níos mó.
  5. Bíonn spásanna roinnte le roinnt ag cách. Ná fág do chuid rudaí ar fud na háite.
  6. Bí cairdiúil ach ní gá a bheith thíos i bpócaí a chéile.
  7. Bealach iontach chun bualadh le daoine is ea rudaí nua a thriail.
  8. Caith le do chomrádaí mar a bheifeá ag súil go gcaithfí leat. I bhfocail eile, léirigh meas
  9. Íoslódáil an aip OurHome: bealach iontach chun tascanna agus liostaí grósaeireachta a bhainistiú i measc do chomhpháirtithe tí. Ar fáil do iOS, Android & Webapp.

 

Lóistín ar an gCampas

An bhfuil lóistín ar an gcampas ar fáil?

Féach anseo chun an t-eolas is déanaí a fháil faoi áiteanna cónaithe ar an gcampas ar a n-áirítear Baile na Coiribe, Baile an Chíorbhuí agus Baile na Breacóige.

Ní mholaimid do mhic léinn a bheith ag brath ar dhaoine lóistín a chur ar ceal dá lóistín le linn am téarma. Tá roghanna eile le scrúdú thíos.

An bhfuil seomraí ar fáil i lóistín ar an gcampas do mhic léinn faoi mhíchumas?

Tá. Tá líon teoranta áiteanna ar fáil i lóistín ar an gcampas; ní féidir na háiteanna seo a mholadh ach amháin do mhic léinn a mbeadh a dtinreamh thíos leis go mór, mar gheall ar thionchar a míchumais, dá mbeidís ina gcónaí lasmuigh den champas. Tugtar tús áite do mhic léinn ar gá dóibh cónaí i lóistín inrochtana e.g. duine a úsáideann cathaoir rothaí, nó mac léinn le lagú amhairc a mbeadh sé an-deacair air/uirthi taisteal chuig an gcoláiste.

Déan teagmháil le disabilityservice@universityofgalway.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

Cén costas atá ar lóistín ar an gcampas?

Le haghaidh liosta iomlán rátaí i mBaile na Coiribe, Baile an Chíorbhuí agus Baile na Breacóige, cliceáil anseo.

Chun coinneáil cothrom le dáta le costais ghinearálta mhaireachtála i nGaillimh, téigh chuig Numbeo.

Lóistín lasmuigh den Champas

Céard iad na príomhleideanna nár chóir dearmad a dhéanamh orthu agus tú ag cuardach lóistín

  • Téigh chuig Studentpad 

    An bealach is sábháilte chun lóistín príobháideach do mhic léinn a chuardach. Déantar gach áit a fhógraítear a chur trí phróiseas clárúcháin agus déantar iad a nuashonrú go rialta.
  • Cuardaigh cliste

    Buail le tiarna talún ionchasach i gcónaí sa lóistín atá le ligean ar cíos, tabhair cara leat agus cuimhnigh cóipeanna den chomhfhreagras a choinneáil. Déan cinnte go bhfuil comhaontú cíosa ann a thuigeann tú agus a léigh tú ina iomláine. Sínigh an conradh roimh éarlais a íoc. Fan ar an eolas faoi do chearta tionóntachta.

    Déan liosta den troscán agus de na fearais ar fad i dteannta an tiarna talún. Má tá aon obair dheisiúcháin le déanamh, iarr ar an tiarna talún gealltanas a thabhairt duit i scríbhinn go ndéanfar an obair dheisiúcháin sin – tóg grianghraif más gá. Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoi shábháilteacht tionóntachta ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithean Garda Síochána agus Threshold.ie
  • Cén buiséad atá agat?

    Smaoinigh ar do chostais lena n-áirítear taisteal, billí agus bia agus tú ag oibriú amach cé mhéad le caitheamh ar lóistín. Féach anseo chun léargas ginearálta a fháil ar chostais mhaireachtála i nGaillimh.
  • Céard atá san áireamh sa chíos?

    Agus do bhuiséad á oibriú amach agat, déan cinnte a sheiceáil an bhfuil billí san áireamh i rátaí cíosa, ionas gur féidir leat é seo a chur san áireamh i do bhuiséad.
  • Tosaigh chomh luath agus is féidir

    Mar gheall ar an nganntanas lóistín ar fud na hÉireann, is fiú duit do chuid roghanna a bheachtú anois. 

Conas is féidir liom lóistín príobháideach a chuardach go sábháilte?

Déantar gach áit a fhógraítear ar Studentpad a chur trí phróiseas clárúcháin, mar sin is é seo an bealach is sábháilte chun lóistín a chuardach.

I ngach cás, cuimhnigh ar na rialacha seo chun lóistín a aimsiú go sábháilte: 

  • Go hidéalach, déileáil le gníomhaireachtaí cíosa bon-fide seanbhunaithe amháin.

  • Buail le tiarna talún ionchasach sa lóistín atá le ligean ar cíos i gcónaí.

  • Iarr comhartha aitheantais (ceadúnas tiomána nó comhartha aitheantais i bhfoirm grianghraf) ar an tiarna talún/gníomhaire ligin (glac grianghraf den cháipéis).

  • Íoc an éarlais leis an tiarna talún amháin – ní leis an duine ata ag fágáil na háite.

  • Úsáid seiceanna nó dréachtaí bainc chun an éarlais a íoc. Coinnigh cóipeanna d’admhálacha d’íocaíochtaí agus d’aon chomhfhreagras.

  • Cinntigh go n-oireann na heochracha, go nglasálann agus go n-osclaíonn an doras, agus go sínítear conradh cíosa, sula n-íoctar éarlais. 

Fainic calaois cíosa. Féach na leideanna tábhachtacha ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithean Garda Síochána agus Threshold.ie.
Is féidir leat comhairle a fháil freisin ar do chearta 
anseo.

An bhfuil tithe cónaithe príobháideacha cóngarach lasmuigh den champas?

Tá áiteanna cónaithe lasmuigh den champas scaipthe timpeall an choláiste agus na cathrach.

Feidhmíonn na tithe cónaithe seo go neamhspleách. Is féidir leat eolas a fháil ar rátaí agus téarmaí & coinníollacha ach breathnú ar gach láithreán gréasáin ar leith:

  1. Dúnáras 
    (26 nóiméad ag siúl go dtí an campas, 8 nóiméad ar rothar)

  2. Gort na Coiribe
    (18 nóiméad ag siúl go dtí an campas, 6 nóiméad ar rothar)

  3. Árasáin Pháirc Mhionlaigh
    (26 nóiméad ag siúl go dtí an campas, 10 nóiméad ar rothar)

  4. Cúirt Donegan 
    (13 nóiméad ag siúl go dtí an campas, 4 nóiméad ar rothar)

  5. Árasáin Atlantis 
    (16 nóiméad ag siúl go dtí an campas, 6 nóiméad ar rothar)

  6. Swuite 
    (26 nóiméad ag siúl go dtí an campas, 7 nóiméad ar rothar)

  7. An Westwood 
    (26 nóiméad ag siúl go dtí an campas, 6 nóiméad ar rothar)

  8. Cathair na Gaillimhe 
    (21 nóiméad ag siúl go dtí an campas, 7 nóiméad ar rothar)

Cén costas atá ar lóistín lasmuigh den champas?

Áiteanna Cónaithe Lasmuigh den Champas (Príobháideach)

Tá ocht n-áit chónaithe faoi úinéireacht phríobháideach lasmuigh den champas, ar leac an dorais againn in Ollscoil na Gaillimhe. Tá táillí éagsúla i gceist ag brath ar mhéid agus ar an láthair. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an láithreán gréasáin don lóistín atá roghnaithe agat ón liosta thuas.

Lóistín Príobháideach

Is é Studentpad an suíomh is iontaofa atá ar fáil duit chun breathnú ar gach rogha lóistín príobháideach eile. Fógraíonn tiarnaí talún áitiúla tithe ar an ardán seo, agus bíonn praghsanna éagsúla i gceist.

Is é an gnáthchostas reatha ar sheomra singil i dteach roinnte ná timpeall €600 – €1,000 in aghaidh na míosa (€150 – €250 sa tseachtain). Beidh ort seiceáil le do thiarna talún an bhfuil billí cothabhála san áireamh i do ráta cíosa. Níl árasáin aon seomra coitianta i nGaillimh. Tithe le 3–5 sheomra leapa atá i bhformhór na dtithe a ligtear ar cíos, agus cuireann tithe níos mó seomraí ar chostas níos ísle ar fáil de ghnáth. Roghnaíonn go leor mac léinn teach a roinnt.

Chun coinneáil cothrom le dáta le costais ghinearálta mhaireachtála i nGaillimh, téigh chuig Numbeo.

Seomraí ar cíos/ Lóistín Pobail

Maidir le seomra ar cíos nó lóistín pobail, íocann mic léinn úinéir tí as lóistín a thairgtear ar bhonn lánaimseartha nó ar bhonn cúig lá (ag brath ar úinéir an tí). Tá seomraí ar cíos ar fáil ar fud chathair na Gaillimhe agus sna ceantair máguaird. Tá roinnt úinéirí tí sásta béilí a chur ar fáil, agus is fearr le daoine eile rochtain a thabhairt dá gcuid mac léinn ar an gcistin chun a gcuid bia féin a réiteach. Athraíonn praghsanna, de ghnáth idir €150 agus €250 in aghaidh na seachtaine (billí san áireamh go minic).

Cé na ceantair i nGaillimh is fearr do shaol an mhic léinn?

Cé go mb’fhéidir gurb é lár na cathrach do chéad rogha, tá ceantair chónaithe éagsúla eile ann i nGaillimh agus neart le tairiscint acu. Tuilleadh eolais le fáil fúthu seo anseo.

Táim ag freastal ar Choláiste Ósta na Sionna. Céard iad na roghanna lóistín atá agam?

Má tá tú sa chéad bhliain ag staidéar i gColáiste Ósta na Sionna, tá lóistín ar fáil i nGairdíní an Chaisleáin i mbaile Bhun Raite. Tá gach gné den lóistín seo á bhainistiú ag cuideachta phríobháideach, Rent an Irish Cottage MGMT Ltd.

Má tá tú i mbliain 3 nó 4, tá lóistín ar fáil i mBun Raite Thiar i mbaile Bhun Raite, arna bhainistiú ag Rent an Irish Cottage chomh maith. Is féidir leat tuilleadh teagmhálaithe maidir le lóistín príobháideach a fháil anseo.

Is féidir leat roghanna a scrúdú freisin ar Studentpad, inneall cuardaigh iontaofa maidir le lóistín príobháideach do mhic léinn. Faoin gceannteideal “Campas” roghnaigh “Coláiste Ósta na Sionna”. I measc na bhfoinsí eile do lóistín príobháideach tá Daft.ie, Rent.ie agus MyHome.ie – ach, moltar a bheith cúramach. Ná scar le haon airgead go dtí go mbeidh an áit feicthe agat go pearsanta.

Le haghaidh tuilleadh cúnaimh déan teagmháil leis an Oifigeach i Seirbhísí do Mhic Léinn, April ag april.rushe@universityofgalway.ie

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi lóistín i gColáiste Ósta na Sionna.