Cé go bhfuil an-éileamh ar thithe i nGaillimh, tá roghanna éagsúla ar fáil do mhic léinn ar fud Chathair na Gaillimhe agus an cheantair máguaird. Is iomaí bealach bus ar fud na Gaillimhe agus traenacha chuig na ceantair máguaird. Is féidir leat rothar athláimhe a cheannach go háitiúil freisin nó rothair a fháil ar cíos TFI bikes

Féach an lóistín príobháideach taobh amuigh den champas trí Studentpad (do láithreán gréasáin iontaofa chun lóistín príobháideach a aimsiú).

​Tá níos mó eolais faoi limistéir lóistín na Gaillimhe le fáil thíos.

Rebranded map with new colours for accommodation website.

Baile Átha an Rí 

Luíonn an baile mór meánaoiseach seo, a bhfuil an-tóir air, 20 nóiméad ar an traein ó lár chathair na Gaillimhe.

‌ 

Bearna (Barna ar go leor léarscáileanna / liostaí)

Sráidbhaile álainn cois farraige atá éasca taisteal uaidh go dtí an campas.

An Baile Bán

Gar don Rinn Mhór agus Ionad Siopadóireachta Chnoc Mhaoil Drise, tá an Baile Bán suite 20 nóiméad ar an mbus ó lár na cathrach.
 

 

Cnoc na Cathrach

Bruachbhaile deas le háiseanna iontacha, gar do chathair na Gaillimhe agus Bóthar na Trá. 
 
 

Maigh Cuilinn (Moycullen ar go leor léarscáileanna / liostaí) 

Sráidbhaile lonnaithe thart ar 10 km siar ó thuaidh ó chathair na Gaillimhe, gar do Loch Coirib atá go hálainn.

 

Órán Mór

Baile comaitéireachta a bhfuil an-tóir air, suite ar imeall Chuan na Gaillimhe thart ar 9 km soir ó chathair na Gaillimhe.

Uachtar Ard

Tá Uachtar Ard suite ar bhruach Abhainn Ruibhe álainn, thart ar 26 km siar ó thuaidh ó chathair na Gaillimhe.

 

Rathún

15 nóiméad tiomána ó lár na cathrach, le hionad siopadóireachta agus páirceanna imeartha an Taoibh Thiar in aice láimhe.

‌ 

Bóthar na Trá

Rogha mhuintir na háite é Promanád Bhóthar na Trá le haghaidh siúlóidí agus snámha, nach bhfuil ach aistear gairid ar bhus ó lár na cathrach.

 

An Spidéal (Spiddal ar go leor léarscáileanna / liostaí)

Sráidbhaile gleoite ar bhruach Chuan na Gaillimhe le sráidbhaile spraíúil ceardaíochta (18 km ó chathair na Gaillimhe).

Tuaim 

D’ainneoin a bheith an baile mór is faide i gcéin (33.4 km ó chathair na Gaillimhe), tá áiseanna maithe i dTuaim agus radhairc áille sa cheantar máguaird. 

 

Campais Satailíte

Coláiste Ósta na Sionna

Má tá tú sa chéad bhliain ag staidéar i gColáiste Ósta na Sionna, tá lóistín ar fáil i nGairdíní an Chaisleáin i mbaile Bhun Raite. Tá gach gné den lóistín seo á bhainistiú ag cuideachta phríobháideach, Rent an Irish Cottage MGMT Ltd..

Má tá tú i mbliain 3 nó 4, tá lóistín ar fáil i mBun Raite Thiar i mbaile Bhun Raite, arna bhainistiú ag Rent an Irish Cottage chomh maith. Is féidir leat tuilleadh teagmhálaithe maidir le lóistín príobháideach a fháil anseo.

Is féidir leat roghanna a scrúdú freisin ar Studentpad, inneall cuardaigh iontaofa maidir le lóistín príobháideach do mhic léinn. Faoin gceannteideal “Campas” roghnaigh “Coláiste Ósta na Sionna”. I measc na bhfoinsí eile do lóistín príobháideach tá Daft.ie, Rent.ie agus MyHome.ie – ach, moltar a bheith cúramach. Ná scar le haon phingin go dtí go mbeidh an áit feicthe agat go pearsanta.

Le haghaidh tuilleadh cúnaimh déan teagmháil leis an Oifigeach i Seirbhísí do Mhic Léinn, April ag april.rushe@universityofgalway.ieCliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi lóistín i gColáiste Ósta na Sionna.

Cuardaigh Lóistín Príobháideach i nGaillimh

Cuardaigh Lóistín Príobháideach i nGaillimh

Cuardaigh lóistín trí Studentpad Ollscoil na Gaillimhe.

 

CLICEÁIL ANSEO